- RÉAMHRÁ
- Forálann Alt 42 den Acht Caidrimh Thionscail, 1990 go n-ullmhóidh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais dréacht-Chóid Chleachtais lena gcur faoi bhráid an Aire, agus chun go ndéanfaidh sé ordú á dhearbhú i leith dréacht-Chód Cleachtais a gheobhadh sé faoi alt 42 agus atá sceidealta don ordú gur Cód Cleachtais é chun críocha an Achta sin.
- I mí na Bealtaine 1999, d'iarr an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar an gCoimisiún faoi Alt 42 den Acht Caidrimh Thionscail 1990 an Cód Cleachtais maidir le Nósanna Imeachta Araíonachta (I.R. Uimh. 117 de 1996) a leasú chun na moltaí maidir le hIonadaíocht Aonair atá i dTuarascáil an Ghrúpa Ardleibhéil um Aitheantas Ceardchumann a chur san áireamh. Bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil, lena mbaineann Roinn an Taoisigh, an Roinn Airgeadais agus Fiontar, an Roinn Trádála agus Fostaíochta, Comhdháil na gCeardchumann (ICTU), Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC) agus IDA-Ireland, bunaíodh é faoi mhír 9.22 de Chomhpháirtíocht 2000 maidir le Cuimsiú, Fostaíocht agus Iomaíochas chun breithniú a dhéanamh ar mholtaí a chuir ICTU isteach maidir le hAitheantas a thabhairt do Cheardchumainn agus an Ceart chun Margála agus chun forbairtí Eorpacha agus seasamh mionsonraithe IBEC a chur san áireamh maidir le tionchar mholtaí ICTU.
- Agus an Cód Cleachtais seo á ullmhú agus á chomhaontú aige, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ICTU, IBEC, an Binse Achomhairc Fostaíochta agus an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus chuir sé san áireamh a oiread agus ab fhéidir na tuairimí a cuireadh in iúl.
- Is é príomhchuspóir an Chóid Chleachtais seo treoir a thabhairt d'fhostóirí, d'fhostaithe agus dá n-ionadaithe maidir leis na prionsabail ghinearálta a bhfuil feidhm acu maidir le nósanna imeachta gearáin agus araíonachta a fheidhmiú.
- GINEARÁLTA
- Tá treoirlínte ginearálta sa Chód Cleachtais seo maidir le nósanna imeachta gearáin agus araíonachta a chur i bhfeidhm agus dea-chleachtas a chur chun cinn agus nósanna imeachta den sórt sin á gcur i bhfeidhm. Cé go leagtar amach sa Chód prionsabail nósanna imeachta chothrom na Féinne d'fhostóirí agus d'fhostaithe i gcoitinne, tá tábhacht ar leith ag baint leis maidir le cásanna ionadaíocht aonair.
- Cé go bhfuil difríochtaí móra idir na socruithe chun saincheisteanna smachta agus gearáin a láimhseáil ó phost go post ag brath ar réimse leathan tosca lena n-áirítear téarmaí na gconarthaí fostaíochta, nósanna imeachta a comhaontaíodh go háitiúil, comhaontuithe tionscail agus cé acu a aithnítear ceardchumainn chun críocha margála, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail agus nósanna imeachta an Chóid Chleachtais seo mura bhfuil nósanna imeachta comhaontaithe malartacha ann san ionad oibre a chomhlíonann a fhorálacha ginearálta chun déileáil le saincheisteanna gearáin agus araíonachta.
- TÁBHACHT NA NÓSANNA IMEACHTA
- Tá gá le nósanna imeachta chun a chinntiú, go gcoinnítear smacht san ionad oibre trí bhearta araíonachta a chur i bhfeidhm ar bhealach cóir agus comhsheasmhach, agus ag an am céanna go láimhseáiltear casaoidí de réir phrionsabail an cheartais nádúrtha agus na cothroime. Seachas cúinsí cothromais agus ceartais nádúrtha, chun atmaisféar maith caidrimh thionsclaíoch a choinneáil san ionad oibre, ní mór nósanna imeachta cothroma inghlactha a bheith i bhfeidhm agus meas a bheith orthu.
- Feidhmíonn nósanna imeachta den sórt sin dhá chuspóir sa mhéid is go soláthraíonn siad creat a chuireann ar chumas na bainistíochta caighdeáin shásúla a choinneáil agus rochtain a bheith ag fostaithe ar nósanna imeachta trína bhféadfaí aghaidh a thabhairt go cothrom agus go híogair ar mhainneachtainí líomhnaithe na caighdeáin sin a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach go bhfuil nósanna imeachta den chineál seo ann agus go dtuigeann gach duine lena mbaineann cuspóir, feidhm agus téarmaí na nósanna imeachta sin go soiléir.
- Ar mhaithe le dea-chaidreamh tionsclaíoch, ba cheart nósanna imeachta gearáin agus araíonachta a bheith i scríbhinn agus a chur i láthair i bhformáid agus i dteanga a thuigtear go héasca. Ba cheart cóipeanna de na nósanna imeachta a thabhairt do gach fostaí ag tús na fostaíochta agus ba cheart iad a chur san áireamh i gcláir ionduchtúcháin agus in oiliúint athnuachana d’fhostaithe agus, agus i gcláir cheardchumainn d'oiliúint ionadaithe fostaithe. Ba cheart do gach comhalta bainistíochta, lena n-áirítear pearsanra maoirseachta agus gach ionadaí fostaithe a bheith go hiomlán ar an eolas faoi nósanna imeachta den sórt sin agus cloí lena dtéarmaí.
- PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
- Is iad na gnéithe riachtanacha d'aon nós imeachta chun déileáil le saincheisteanna gearáin agus araíonachta go bhfuil siad réasúnach agus cothrom, go bhfuil an bonn le haghaidh gníomh araíonachta soiléir, go bhfuil raon na bpionós is féidir a fhorchur sainithe go maith agus go bhfuil sásra achomhairc inmheánach ar fáil.
- Ba cheart nósanna imeachta a athbhreithniú agus a nuashonrú go tréimhsiúil ionas go mbeidh siad comhsheasmhach le cúinsí athraithe san ionad oibre, le forbairtí sa reachtaíocht fostaíochta agus sa chásdlí, agus leis an dea-chleachtas i gcoitinne.
- Tá roinnt céimeanna i láimhseáil smachta agus gearáin i gceist sa dea-chleachtas. Ina measc sin tá an cheist a ardú leis an ngarbhainisteoir ar an gcéad dul síos. Mura réitítear iad, déantar cúrsaí a chur chun cinn ansin trí roinnt céimeanna a bhaineann le bainistíocht níos sinsearaí, foireann AD/CT, ionadaíocht fostaithe, de réir mar is cuí, agus tarchur chuig tríú páirtí, inmheánach nó seachtrach, de réir aon socruithe a comhaontaíodh go háitiúil.
- Chun críocha an Chóid Chleachtais seo, is ionann "ionadaí fostaithe" agus comhghleacaí de rogha an fhostaí agus ceardchumann cláraithe ach ní aon duine nó foras eile nach bhfuil baint acu leis an gcomhlacht.
- Tugadh aghaidh sa reachtaíocht ar bhonn na hionadaíochta d’fhostaithe in ábhair a dhéanann difear dá gcearta, lena n-áirítear an tAcht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977; rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cearta Fostaithe ar Ghnóthais a Aistriú), 1980; An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 1989; An tAcht um Fhaisnéis agus Comhchomhairle Thrasnáisiúnta d’Fhostaithe, 1996; agus an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997. In éineacht leis an gcásdlí a dhíorthaítear ón reachtaíocht a rialaíonn dífhostú éagórach agus gnéithe eile de chosaint fostaíochta, leagtar amach sa chorpas dlí seo na caighdeáin chuí atá le cur i bhfeidhm maidir le láimhseáil casaoidí, smachta agus nithe a dhéanann dochar do chearta fostaithe aonair.
- Ní mór do na nósanna imeachta chun déileáil le saincheisteanna den sórt sin a léiríonn cúinsí éagsúla fiontar/eagraíochtaí, prionsabail ghinearálta an cheartais nádúrtha agus nósanna imeachta cothroma a chomhlíonadh lena n-áirítear:
- Go ndéantar gearáin fostaithe a scrúdú agus a phróiseáil go cothrom
- Go gcuirtear sonraí faoi aon líomhaintí nó gearáin faoi bhráid an fhostaí lena mbaineann
- Go dtugtar deis don fhostaí lena mbaineann freagra iomlán a thabhairt ar aon líomhaintí nó gearáin den sórt sin
- Go dtugtar an deis don fhostaí lena mbaineann leas a bhaint as an gceart chun ionadaíocht a bheith acu le linn an nós imeachta
- Go bhfuil sé de cheart ag an bhfostaí lena mbaineann cinneadh cóir neamhchlaonta a bheith déanta ar na saincheisteanna lena mbaineann, agus aon uiríll a rinne an fostaí nó a rinneadh thar a cheann agus aon fhianaise, tosca, cúinsí ábhartha nó cuí eile á gcur san áireamh.
- D'fhéadfadh na prionsabail seo a cheangal go leagfaí amach na líomhaintí nó na gearáin i scríbhinn, go dtabharfaí foinse na líomhaintí nó an ghearáin nó go dtabharfaí cead don fhostaí lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar fhinnéithe nó iad a cheistiú.
- Mar riail ghinearálta, ba cheart iarracht a dhéanamh saincheisteanna gearáin agus araíonachta a réiteach idir an fostaí lena mbaineann agus a gharbhainisteoir nó a gharstiúrthóir. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh ar bhonn neamhfhoirmiúil nó príobháideach.
- Ba cheart iarmhairtí imeachta ó rialacha agus ó cheanglais fostaíochta an fhiontair/na heagraíochta a leagan amach go soiléir i nósanna imeachta, go háirithe i ndáil le sáruithe araíonachta ar chúis fionraí nó dífhostaithe iad dá gcruthófaí iad.
- D'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i ngníomh araíonachta:
- Rabhadh ó bhéal
- Rabhadh i scríbhinn
- Rabhadh deiridh i scríbhinn
- Fionraíocht gan phá
- Aistriú chuig tasc eile nó chuig rannóg eile den fhiontar
- Ísliú céime
- Gníomh araíonachta cuí eile gan dífhostú
- Dífhostú.
- Go ginearálta, beidh na céimeanna sa nós imeachta forásach, mar shampla, rabhadh ó bhéal, rabhadh i scríbhinn, rabhadh deiridh i scríbhinn, agus dífhostú. Mar sin féin, d'fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhfuil gá le gníomhaíocht níos tromchúisí, lena n-áirítear dífhostú, ag céim níos luaithe. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 6 de seo a chomhlíonadh.
- Féadfar fostaí a chur ar fionraí ar phá iomlán ar feitheamh thoradh imscrúdaithe ar shárú araíonachta líomhnaithe.
- Ba cheart go leagfaí amach go soiléir sna nósanna imeachta na leibhéil éagsúla san fhiontar nó san eagraíocht ag a gcuirfear na céimeanna éagsúla de na nósanna imeachta i bhfeidhm.
- Ba chóir rabhaidh a bhaint de thaifead fostaí tar éis tréimhse shonraithe agus ba chóir é sin a chur in iúl don fhostaí dá réir. Chun nós imeachta maith gearáin agus araíonachta a oibriú, ní mór taifid leordhóthanacha a choinneáil. Mar a luadh cheana, éilíonn sé freisin go mbeadh gach ball den bhainistíocht, lena n-áirítear pearsanra maoirseachta agus gach fostaí agus a n-ionadaithe eolach ar a dtéarmaí agus go gcloífidh siad leo.
Cód Cleachtais 5
Lúnasa 06
AGUISÍN 1
I.R. Uimh. 146 de 2000
An tOrdú um an Acht Caidrimh Thionscail 1990 (An Cód Cleachtais um Nósanna Imeachta Gearáin agus Araíonachta (Dearbhú) 2000
DE BHRÍ gur ullmhaigh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais faoi fho-alt (1) d'alt 42 den Acht Caidrimh Thionscail 1990 (Uimh. 19 de 1990), dréacht-Chód Cleachtais maidir le nósanna imeachta gearáin agus araíonachta agus ar cód é a bheartaítear a chur in ionad an chóid atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Caidrimh Thionscail 1990, san Ordú um an gCód Cleachtais maidir le Nósanna Imeachta Araíonachta (Dearbhú) 1996 (I.R. 117 de 1996);
AGUS DE BHRÍ gur chomhlíon an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais fo-alt (2) den alt sin agus gur chuir sé an dréacht-Chód Cleachtais faoi bhráid an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;
IS AMHLAIDH DÁ BHRÍ SIN, a ordaímse, Máire Ní Áirne, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le fo-ailt (3) agus (6) den alt sin, an tOrdú Saothair (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) 1993 (Alt 1. Uimh. 18 de 1993), agus an tOrdú Fiontar agus Fostaíochta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 1997 (I.R. Uimh. 305 de 1997), agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, ordaím leis seo mar a leanas:
- Gurb é is teideal don Ordú seo an tAcht Caidrimh Thionscail 1990 um Chód Cleachtais maidir le Nósanna Imeachta Gearáin agus Araíonachta (Dearbhú) 2000. 2. Dearbhaítear leis seo gur Cód Cleachtais chun críocha an Achta Caidrimh Thionscail 1990 (Uimh. 19 de 1990) an Cód Cleachtais atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo. 3. Tarraingítear siar an Cód Cleachtais atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú fán Acht Caidrimh Thionscail 1990 maidir le Nósanna Imeachta Araíonachta (Dearbhú) 1996 (I.R. 117 de 1996).
Arna thabhairt faoi mo Shéala Oifigiúil,
An 26 lá seo de Bhealtaine 2000
Máire Ní Áirne
An tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Nóta Míniúcháin
Níl an nóta seo mar chuid den Ionstraim agus ní mhaíonn sé gur léirmhíniú dlíthiúil é. Is é éifeacht an Ordaithe seo a dhearbhú gur Cód Cleachtais chun críocha an Achta Caidrimh Thionscail 1990 an dréacht-Chód Cleachtais atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.