Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 - 2011, cosc ar idirdhealú maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, diúscairt maoine agus rochtain ar oideachas, ar aon cheann de na naoi bhforas atá leagtha amach thíos. Déanann na hAchtanna eisreachtú idirdhealú i ngach seirbhís atá ar fáil go ginearálta don phobal, cibé atá siad ar fáil ón stát nó an earnáil phríobháideach. Ina measc seo tá áiseanna le haghaidh úrúcháin, siamsaíocht, baincéireacht, árachas, deontais, saoráidí creidmheasa, iompair agus seirbhísí taistil. Tá cosc freisin ar idirdhealú i dtriail na n-áitreabh, soláthar cóiríochta, ligean isteach nó rochtain ar chúrsaí oideachais nó bunaíochtaí faoi réir roinnt díolúintí.
Is iad seo a leanas na naoi forais ar a bhfuil cosc ar idirdhealú faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann:
- Inscne
- Stádas Sibhialta
- Stádas Teaghlaigh
- Gnéaschlaonadh
- Creideamh Reiligiúnach
- Aois
- Míchumas
- Cine, Dath, Náisiúntacht, nó Bunadh Eitneach Náisiúnta
- Ballraíocht den Lucht Siúil
Is féidir gearáin maidir le clubanna cláraithe agus in áitribh cheadúnaithe a tharchur ach amháin chun na Cúirte Dúiche.
Glaoitear "íospairt" ar phionósú duine a dheineann gearán faoi idirdhealú nó a thabhairfaidh fianaise i ghearán duine eile nó go dleathach a théann i gcoinne idirdhealú mídhleathach, agus cosnaíonn an tAcht um Stádas Comhionann go sonrach le duine den sórt sin i gcoinne íospartha.
Is féidir leat breathnú nó íoslódáil na hAchtanna ábhartha nó Ionstraimí Reachtúla (IR) ar na naisc thíos.
Na hAchtanna um Stádas Comhionann:
- An tAcht um Stádas Comhionann, 2000
- An tAcht um Chomhionannas, 2004
- An tAcht um Stádas Comhionann (Leasú), 2012
Tá leagan 'Athluaite agus Athbhreithnithe' (a thugann le chéile gach leasú agus gach athrú in aon téacs amháin) de na hAchtanna um Stádas Comhionann ar fáil ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí nó is féidir rochtain ANSEO (as Béarla).
Ionstraimí Reachtúla :
- IR 349 de 2006 - Rialacha Cúirte Cuarda (Na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004) 2006
- IR 161 de 2006 - Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Stádas Comhionann 2000) 2006
- IR 293 de 2005 - Rialacha na nUaschúirteanna (Imeachtaí Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus 2004) 2005