Is é aidhm agus misean Sheirbhís Comhréitigh an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre seirbhís comhréitigh neamhchlaonta, tapa agus éifeachtach a sholáthar a fheidhmíonn go dtí caighdeán ard ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha araon.
Is próiseas deonach é comhréiteach ina n-aontaíonn na páirtithe i ndíospóid leas a bhaint as tríú páirtí neodrach agus neamhchlaonta chun cuidiú leo a gcuid aighnis chaidrimh thionsclaíoch a réiteach. Soláthraíonn an Coimisiún seirbhís comhréitigh trí Oifigigh Chaidrimh Thionsclaíocha sa Choimisiún a chur ar fáil chun cathaoirleacht a dhéanamh ar ‘chomhdhálacha comhréitigh’. Tagraítear do na hoifigigh sin uaireanta mar ‘IROanna’ nó ‘Oifigigh Chomhréitigh’. Is éard atá i gceist le comhdhálacha comhréitigh go bunúsach ná síneadh ar an bpróiseas a bhaineann le caibidlíochtaí díreacha, agus bíonn cathaoirleach neamhspleách i láthair chun an plé a stiúradh agus bealaí féideartha socraíochta a iniúchadh ar bhealach neamh-dhochrach. Is faoin duine féin páirt a ghlacadh sa phróiseas comhréitigh, mar atá na torthaí freisin. Ní shroichtear réitigh ach amháin le comhthoil, bíodh sin trí chaibidlíocht agus comhaontuithe arna n-éascú idir na páirtithe iad féin, nó na páirtithe a aontaíonn téarmaí socraíochta a mholann an tOifigeach Comhréitigh.
Caitheann an tOifigeach Comhréitigh go rúnda leis an bhfaisnéis go léir a fhaightear i rith an chomhréitigh.
Is rud neamhfhoirmiúil é an próiseas comhréitigh agus níl aon ghné dleathaíoch ag baint lena chur i gcrích. Is faoi na páirtithe féin ionadaíocht a dhéanamh orthu féin nó ionadaíocht a fháil ó cheardchumainn nó ó eagraíochtaí fostóra. Ní chreideann an Coimisiún go n-éilíonn an próiseas mar atá sé ionadaíocht dhlíthiúil aon pháirtí ag cruinnithe comhréitigh.
I gcás nach réitítear díospóid ag Comhréiteach féadfar an cheist a chur ar aghaidh, ach í a bheith aontaithe ag gach páirtí, chuig éisteacht iomlán den Chúirt Oibreachais lena cinneadh.
Tá trí bhealach ann chun cúnamh a iarraidh ar na Seirbhísí Comhréitigh:
- Is féidir scríobh chuig Seirbhísí Comhréitigh, Éascaithe agus Eadrána, An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, Teach Lansdúin, Bóthar Lansdúin, Baile Átha Cliath 4, D04 A3A6. nó
- Is féidir an Fhoirm Tarchurtha Comhréitigh ar líne a úsáid nó
- Is féidir dul i dteagmháil leis na Seirbhísí Comhréitigh ach ríomhphost a sheoladh chuig conciliation@workplacerelations.ie