Gearáin
I gcás ina gcreideann duine go ndearnadh sárú ar an reachtaíocht atá liostaithe thíos maidir leis/léi, féadfaidh sé/sí, nó duine a bheidh ag gníomhú ar a shon, gearán a chur isteach chuig Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, má cheapann sé/sí go bhfuil an cás oiriúnach le réiteach trí bhíthin eadrána, gearán den sórt sin a tharchur chuig Oifigeach Eadrána. Nó, cuirfidh sé/sí an cás ar aghaidh chuig Oifigeach Breithnithe i gcomhair breithniú.
Is iad seo a leanas na codanna sonracha den reachtaíocht faoinar féidir le gearánach gearán a chur isteach -
Alt 4(2) nó 5 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 | Alt 9 den Acht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977 |
Alt 5 den Acht um Íoc Pá, 1991 | Alt 3, 4, 5 nó 6 den Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 |
Alt 13 nó 17 den an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 | S.17 of the Transnational Information and Consultation of Employees Act 1996 |
Foráil iomchuí de réir bhrí Alt 27 den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 | Alt 4(1) den Acht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998 |
Alt 8A(5) den Acht um Éilliú a Chosc (Leasú) 2001 | Alt 9 nó 15 den Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001 |
Alt 50(3) den Acht Iomaíochta, 2002 | An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe), 2003 |
Alt 8 den Acht Caidrimh Thionscail (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 | Alt 55M(1) den Acht Sláinte, 2004 |
Alt 27 den Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 | Alt 26(3) den Acht um Cheadanna Fostaíochta, 2006 |
Alt 13 den Acht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 | Alt 87(3) den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 |
Alt 26(1) den Acht Ceimiceán 2008 | Alt 62(1) den Acht Carthanas, 2009 |
Alt 223(3) den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009 | Alt 38(1) den Acht um Iascach Intíre, 2010 |
Alt 20(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2011. | Alt 67(5) den Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011 |
Alt 6, 13(1) nó 34 den Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012 | Alt 35(1) den Acht Breisoideachais agus Oiliúna, 2013 |
Alt 41(1) den Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú), 2013 | Alt 12(1) den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 |
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú) 2003 (I.R. Uimh. 131 de 2003) (cé is moite de Rialacháin 4(4)(a) agus 13) | Rialacháin 5, 6, 7. 8, 9 nó 10 de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eagrú Ama Oibre) (Gníomhaíochtaí Dochtúirí faoi Oiliúint) 2004 (I.R. Uimh. 494 de 2004) |
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eagrú Ama Oibre) (Foireann Ghluaisteach in Eitlíocht Shibhialta) 2006 (I.R. Uimh. 507 de 2006) | Rialachán 19 de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachta Phoiblí Eorpach atá Teoranta ó thaobh Dliteanais) (Páirteachas Fostaithe) 2006 (I.R. Uimh 623 de 2006) |
Rialachán 20(1) de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comharchumann na hEorpa) (Páirteachas Fostaithe) 2007 (I.R. Uimh 259 de 2007) | Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tuairisciú ar Tharluithe in Eitlíocht Shibhialta) 2007 |
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dálaí Oibre d’Oibrithe Taistil atá ag Cur Fúthu i Seirbhísí Tras-Teoranta in Earnáil an Iarnród) 2009 (I.R. 377 de 2009) | Rialacháin 5, 8, 10, 11 nó 12 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eagrú Ama Oibre Daoine i mbun Gníomhaíochtaí Soghluaiste Iompair ar Bhóithre) 2012 (I.R. Uimh. 36 de 2012). |
Ordú Rialaithe Fostaíochta faoi Alt 42C (a cuireadh isteach le hAlt 12 den Acht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2012) den Acht Caidrimh Thionscail 1946 |