I gcás ina bhfuil Cigire um Chaidreamh san Áit Oibre sásta gur sháraigh fostóir píosa reachtaíochta atá liostaithe thíos maidir le duine nó níos mó dá chuid/cuid fostaithe, féadfaidh an Cigire Fógra um Chomhlíonadh a eisiúint.
Maidir le Fógra um Chomhlíonadh -
- luafar air na forais ar a bhfuil an cigire sásta gur tharla sárú ar an reachtaíocht
- iarrfar ann ar an bhfostóir gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh(artha) mar atá sonraithe san fhógra, agus faoi dháta mar atá sonraithe (Tabhair faoi deara - ní bheidh an dáta sonraithe níos túisce ná dáta faoina mbeidh fostóir i dteideal achomharc a thabhairt).
- beidh faisnéis ann maidir le hachomharc a thabhairt i gcoinne an fhógra, lena n-áirítear an bealach ina bhféadfaí achomharc a thabhairt
Féadfaidh fostóir achomharc i gcoinne an fhógra a dhéanamh chuig an gCúirt Oibreachais tráth nach déanaí ná 42 lá ó sheirbheáiltear an fógra. Ag Éisteacht na Cúirte Oibreachais den achomharc, féadfar éisteacht a thabhairt don chigire agus don fhostóir lena mbaineann agus féadfaidh siad araon fianaise a chur i láthair.
Ina dhiaidh sin, féadfaidh fostóir achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda i gcoinne chinneadh na Cúirte Oibreachais inar daingníodh an fógra um chomhlíonadh, inar tarraingíodh siar é nó inar eisíodh treoir maidir leis. Ní mór achomharc den sórt sin chuig an gCúirt Chuarda a dhéanamh laistigh de 42 lá ón gcinneadh nó ó thugtar an treoir lena mbaineann.
I gcás ina bhfuil cigire sásta gur chomhlíon fostóir an fógra um chomhlíonadh, seirbheálfaidh sé/sí fógra ar an bhfostóir ina dtabharfar é sin le fios.
Reachtaíocht faoinar féidir Fógra um Chomhlíonadh a eisiúint -
Acht | Ailt |
An tAcht um Íoc Pá, 1991, (Uimh. 25 de 1991) | Alt 5 |
An tAcht um Chosaint Mháithreachais, 1994, (Uimh. 34 de 1994) | Alt 18 |
An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997 (Uimh. 20 de 1997) | Ailt 6(2), 11, 12, 13, 14(1), 15(1), 16(2), 17, 18, 19(1), 21, 22, 23(1), 23(2) |
An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001 (Uimh. 19 de 2001) | Alt 13(2) |
An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012 (Uimh. 13 de 2012) | Alt 14 |