I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Cigire um Chaidreamh san Áit Oibre a chreidiúint go ndearna duine cion faoi reachtaíocht shonraithe ar leith (féach thíos), féadfaidh sé/sí Fógra um Íocaíocht Shocraithe a thabhairt don duine sin ina luafar -
- go líomhnaítear go ndearna an duine an cion sin,
- féadfaidh an duine, taobh istigh de 42 lá ó dháta an fhógra, an tsuim ordaithe a íoc, agus an fógra ag gabháil leis, leis an gCoimisiún
- níl sé de dhualgas ar an duine an íocaíocht shonraithe a dhéanamh
- ní chuirfear aon ionchúiseamh maidir leis an gcion(cionta) líomhnaithe ar bun má dhéantar an íocaíocht i rith na tréimhse 42 lá
D’fhéadfadh cionta faoi na píosaí reachtaíochta seo a leanas fógra um íocaíocht shocraithe a spreagadh -
- Alt 11 den Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977 (is é €2,000 an tsuim íocaíochta socraithe)
- Alt 4(4) den Acht um Íoc Pá, 1991 (is é €1,500 an tsuim íocaíochta socraithe)
- Alt 23 den Acht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 (is é €1,500 an tsuim íocaíochta socraithe)
Duine a fhaigheann Fógra um Íocaíocht Shocraithe, féadfaidh sé/sí laistigh de 42 lá ó dháta an Fhógra, íocaíocht a dhéanamh leis an gCoimisiún den tsuim atá sonraithe san Fhógra. Má dhéantar an íocaíocht laistigh den tréimhse reachtúil 42 lá, ní chuirfear aon ionchúiseamh ar bun i gcoinne duine den sórt sin.
Má mhainnítear íocaíocht a dhéanamh i gcoinne Fógra um Íocaíocht Shocraithe cuirfidh sé faoi deara don Choimisiún Ionchúiseamh a thionscnamh sna Cúirteanna.