Skip to main content
AAA

Foilsíonn An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Tuarascáil Bhliantúil 2023

20 Bealtaine 2024

Inniu d’fhoilsigh An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) a Thuarascáil Bhliantúil do 2023.

Agus í ag cur fáilte roimh fhoilsiú na Tuarascála, dúirt Emer Higgins T.D., an tAire Stáit le freagracht as Gnó, Fostaíocht agus Miondíol:

“Lean an CCÁO ag feidhmiú go láidir le linn 2023, agus tugann a Thuarascáil Bhliantúil le fios cé chomh héifeachtach is atá an Coimisiún thar an raon seirbhísí a chuireann sé ar fáil lena n-áirítear seirbhísí breithiúnais, cigireachta, idir-réitigh, idirghabhála, comhairleacha agus faisnéise”.

Leag an tAire Higgins béim chomh maith ar an rath a bhí ar an CCÁO maidir le pá neamhíoctha a aisghabháil d’oibrithe:

“Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún i gcónaí maidir le cothrom na Féinne a chruthú ar fud an gheilleagair do chuideachtaí agus d’fhostaithe, ag cinntiú go gcloítear le cearta fostaíochta do chách. Tá ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún ina leith sin, agus beagnach €2 mhilliún de phá neamhíoctha aisghafa aige le linn 2023.”

Thug an tAire Higgins moladh mór don iar-Ardstiúrthóir gníomhach, Anna Perry, a chuaigh ar scor i mí Feabhra 2024, agus don iar-Ardstiúrthóir, Liam Kelly, a chuaigh ar scor i mí an Mhárta 2023, agus ghabh sí buíochas leo as an méid suntasach a rinne siad ar son an CCÁO agus ghuigh sé gach rath orthu beirt, agus iad ag dul ar scor.

Dúirt an Dr David Begg, Cathaoirleach Bhord an CCÁO:

“Tháinig méadú suntasach ar na seirbhísí go léir a chuireann an Coimisiún ar fáil le linn na bliana seo a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi. Is é an aidhm atá againn ná feabhas leanúnach a chur ar ár dtairiscint dár bpáirtithe leasmhara, agus táimid an-bhuíoch as an muinín agus an iontaoibh a chuireann siad ionainn.

Dúirt Audrey Cahill, Ardstiúrthóir an CCÁO:

“Ba í 2023 an bhliain a raibh a chéad bhliain iomlán de ghnáthsheirbhísí ag an CCÁO, ó bhí 2019 ann. D’fhreastail ár gcuid foirne ar an éileamh méadaithe ar fud ár rannóg go léir, agus ardchaighdeáin maidir le seachadadh agus tiomantas acu. Tá treochtaí suntasacha ag teacht chun cinn i roinnt príomhréimsí dár ngníomhaíocht a bheidh mar bhonn eolais dár bpleananna oibre sna blianta amach romhainn agus táimid ag tnúth le rannpháirtíocht dhearfach leanúnach lenár n-úsáideoirí seirbhíse agus lenár bpáirtithe leasmhara go léir.”

Mar fhocal scoir, thug Audrey Cahill aitheantas do na hArdstiúrthóirí a tháinig roimpi, Anna Perry agus Liam Kelly, agus ghabh sí buíochas leis an Aire, leis an Roinn agus le páirtithe leasmhara an CCÁO as a dtacaíocht thar an tréimhse.

Tá grafaic eolais ón Tuarascáil ina ndéantar achoimre ar phríomhtháscairí feidhmíochta an Choimisiúin in 2023, le fáil thíos, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:

Cigireachtaí:

In 2023, cuireadh 6,519 cuairt chigireachta san áit oibre i gcrích agus chuir Cigireacht an CCÁO béim mhór ar earnálacha amhail Iascaireacht, Iompar de Bhóthar, Tógáil agus Talmhaíocht, agus ar an bPá Íosta Náisiúnta. Rinneadh 4,727 cigireacht san iomlán agus aisghabhadh pá neamhíoctha ar luach €1.95m.

Breithiúnais:

Tháinig méadú beagnach 13% agus 12% ar líon na mbreithiúnas a bhí sceidealaithe, agus líon na mbreithiúnas a reáchtáil Seirbhís Breithnithe an CCÁO in 2022, agus tháinig méadú 50% ar líon na gcinntí a d’eisigh an tseirbhís in 2023, i gcomparáid le haschur 2022.

Idirghabhálacha:

Sholáthair seirbhís idirghabhála réamhbhreithnithe an CCÁO 127 idirghabháil bhreise in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe, b’ionann sin agus méadú 19% ar idirghabhálacha.

Cód Cleachtais:

Cuireadh an Cód Cleachtais ar Chearta an Duine chun Cianobair/Obair Sholúbtha a Iarraidh go mór chun cinn in 2023 agus tugadh chun críche é go luath in 2024 agus foilsíodh é i mí an Mhárta 2024.

Seirbhís Idir-Réitigh:

Bhí baint ag Seirbhís Idir-Réitigh CCÁO, seirbhís atá lárnach i ndea-chaidreamh san áit oibre in Éirinn a chaomhnú agus i réiteach éifeachtach díospóidí, le roinnt díospóidí dáiríre a bhí go mór i mbéal an phobail a réiteach agus a chosc. Tá a rátaí ratha fós ard ag timpeall 85%.

D’éascaigh CCÁO plé i dtreo dheireadh 2023 idir an Rialtas agus Ceardchumainn/Cumainn san Earnáil Phoiblí ar chomhaontú a thiocfadh in ionad Ag Dul ó Neart go Neart agus lean an idirghníomhaíocht ar aghaidh go dtí tús 2024.

Straitéis Dhigiteach:

I gcomhréir leis an gcolún “Digiteach ar dTús” de Straitéis Teicneolaíochta Faisnéise is Cumarsáide na Seirbhíse Poiblí, thosaigh CCÁO ar Fhoirm nua Ríomhghearáin a fhorbairt in 2023. Nuair a sheolfar an Fhoirm Ríomhghearáin in 2024, beidh ar chumas an phobail gearáin a chur faoi bhráid CCÁO ar bhealach níos éifeachtúla. Beidh fáil ar an bhFoirm ar gach ardán digiteach; ar an bhfón póca, ar an táibléad agus ar an ríomhaire.

Seirbhísí Eolais:

Chabhraigh an fhoireann um Fhaisnéis agus Seirbhís do Chustaiméirí CCÁO le breis agus 61,800 glaoiteoir agus chuir siad faisnéis ar fáil faoi chúrsaí fostaíochta, comhionannais nó caidrimh thionsclaíoch: ardú de 3% i gcomparáid le 2022. Bhain os cionn 4.6 milliún amas maidir le suíomh gréasáin an CCÁO, ardú de 12% i gcomparáid le 2022.

For-Rochtain:

D’fhreastail foireann CCÁO thar na rannóga ar fad ar bhreis agus 40 imeacht for-rochtana a raibh raon páirtithe leasmhara páirteach iontu, amhail comhdhálacha ceardchumainn agus fostóirí, imeachtaí i meánscoileanna agus in Oifigí Fiontair Áitiúla, agus cuir i láthair le sainghrúpaí páirtithe leasmhara. Tá na himeachtaí seo fiúntach agus tábhachtach chun teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus chun faisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí CCÁO.

Tá Tuarascáil Bhliantúil An Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre 2023 ar fáil ag na naisc seo a leanas ar shuíomh gréasáin an CCÁO:

Tuarascáil Bhliantúil an CCÁO 2023 (Gaeilge)

Tuarascáil Bhliantúil an CCÁO 2023 (Béarla)

Nótaí don Eagarthóir

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Bunaíodh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) ar an 1 Deireadh Fómhair 2015. Is iad na príomhfheidhmeanna atá ag an CCÁO

  • Feabhsú an chaidrimh san ionad oibre a chur chun cinn, agus dea-chaidreamh san ionad oibre a chothabháil,
  • Comhlíonadh na reachtaíochta fostaíochta ábhartha a chur chun cinn agus a spreagadh,
  • Treoir a sholáthar maidir le comhlíonadh na gCód Cleachtais,
  • Athbhreithnithe a dhéanamh ar chaidreamh san ionad oibre ar bhonn ginearálta agus monatóireacht a dhéanamh orthu,
  • Taighde ábhartha a dhéanamh nó a choimisiúnú agus comhairle, faisnéis agus torthaí taighde a sholáthar do Chomhchoistí Saothair agus do Chomhchomhairlí Tionscail,
  • Comhairle a chur ar an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta ábhartha agus comhlíonadh na reachtaíochta sin, agus
  • Faisnéis a sholáthar don phobal maidir le reachtaíocht fostaíochta (seachas an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta).

Tá cúig oifig réigiúnacha ag an CCÁO; Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh, Inis agus Sligeach agus tá foireann de bheagáinín os cionn 200 státseirbhíseach ann agus cuireann 40 Oifigeach Breithnithe eile atá ar conradh leis an obair chun cuidiú leis an tSeirbhís Breithniúcháin ar bhonn cás ar chás.  Tá ról ríthábhachtach ag an eagraíocht i sochaí na hÉireann agus sa gheilleagar i gcoitinne.

Is é an misean atá aige seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar ar fud na hÉireann; seirbhís atá

  • gasta soláimhsithe neamhspleách éifeachtach neamhchlaonta agus cost-éifeachtach.
  • Soláthraíonn an CCÁO modhanna éagsúla chun díospóidí a réiteach, sásamh a bhaint amach agus forghníomhú éifeachtach a dhéanamh, agus

feabhsaíonn sé caidreamh san ionad oibre, agus déantar é seo go léir saor ó tháille.