Skip to main content

Foilsíonn An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Tuarascáil Bhliantúil 2024

24 Aibreán 2025

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2024 inniu. Ag fáiltiú dó roimh an Tuarascáil, dúirt an tUasal Peter Burke T.D., an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta:

Leagann an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2024 béim ar sheachadadh láidir an CCÁO ar fud na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil don phobal lena n-áirítear cigireacht, soláthar faisnéise, idir-réitigh, breithnithe, idirghabháil agus seirbhísí comhairleacha eile. I gClár an Rialtais, tá tiomantas daingean ann tacú leis an ról lárnach atá ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus ag an gCúirt Oibreachais i gcúrsaí caidrimh thionsclaíoch agus fostaíochta.

Dúirt an tAire Burke freisin, “Leanann an CCÁO de ról ríthábhachtach a bheith aige chun a chinntiú go seastar le cearta fostaíochta do chách, ag aisghabháil os cionn €2 mhilliún i bpá neamhíoctha ar scór 5,156 cigireacht a críochnaíodh le linn 2024. Tá ról ceannasach ag an CCÁO maidir le cur leis an timpeallacht chomhchuí caidrimh thionsclaíoch atá againn, agus léiríonn sonraí do sheirbhísí idir-réitigh ráta ratha 85%.
Is gné thábhachtach agus an-luachmhar dár ngeilleagar iad institiúidí caidrimh thionsclaíocha atá láidir agus dea-fheidhmiúil, ag tacú le pá cothrom agus á chur chun cinn, go háirithe in earnálacha ar phá íseal. Tá ról dearfach ag comhaontuithe cómhargáilte freisin maidir le táirgiúlacht a mhéadú do ghnólachtaí.

Alan Dillon T.D. Chuir an tAire Stáit do Ghnóthais Bheaga agus Mhiondíola sa Roinn fáilte roimh an Tuarascáil freisin, ag cur leis:

Tá tábhacht an CCÁO soiléirsan éileamh ar a sheirbhísí le 59,400 glao ar a sheirbhísí faisnéise, agus os cionn 4 mhilliún amharc ar a suíomh gréasáin.

Agus é ag trácht ar thionscnaimh Dhigitithe an CCÁO, dúirt an tAire Dillon, “Fáiltím roimh leanúnachas an CCÁO lena uaillmhianta digitithe, ag tabhairt isteach an dara céim dá Uathoibriú Róbatach Próiseas, in 2024 mar aon lena fhoirm gearáin leictreonach a sheoladh.”

Dúirt an Dr David Begg, Cathaoirleach an Bhoird den CCÁO:

"Lean an CCÁO ar aghaidh ag feidhmiú go láidir in 2024, agus léiríonn a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain éifeachtacht an CCÁO thar an raon iomlán seirbhísí a sholáthraíonn sé.

Is é an aidhm atá againn ná ár dtairiscint dár bpáirtithe leasmhara a fheabhsú go leanúnach, agus táimid an-bhuíoch as an muinín agus an t-iontaoibh atá acu asainn.

Dúirt an tUasal Audrey Cahill, Ard-Stiúrthóir an CCÁO:

"Tugann Tuarascáil Bhliantúil 2024 forbhreathnú machnamhach ar an mbliain, ag cur béime ar ár bpríomhghnóthachtálacha agus garspriocanna le linn 2024. Tugann sé léargas freisin ar an bpleanáil straitéiseach atá ar bun faoi láthair, atá deartha chun an eagraíocht a chur ar aghaidh agus a chinntiú go seachadfar ár bhfís go héifeachtach—agus ag an am céanna na hoibleagáidí reachtúla atá leagtha amach inár gcuspóir á gcomhlíonadh againn.

Táimid fós freagrúil do na héilimh athraitheacha a chuirtear ar ár seirbhísí thar gach rannán. Trí mhonatóireacht ghéar a dhéanamh ar threochtaí socheacnamaíocha agus ar leathnú leanúnach na gceart fostaíochta, leanaimid ar aghaidh ag oiriúnú agus ag ailíniú ár n-iarrachtaí chun freastal ar riachtanais athraitheacha na ndaoine ar a bhfreastalaímid.

Mar fhocal scoir, ghabh an tUasal Cahill buíochas leis an Aire, ár máthair-Roinn, leis an Rannán um Rialáil san Ait Oibre agus um Imirce Eacnamaíoch (WREM) agus le páirtithe leasmhara uile an CCÁO as a dtacaíocht i rith na bliana.

Tá grafaic eolais ón Tuarascáil ina ndéantar achoimre ar phríomhtháscairí feidhmíochta an CCÁO in 2024, san áireamh thíos, ag léiriú:

Seirbhísí Faisnéise:

Chabhraigh foireann Faisnéise agus Seirbhíse do Chustaiméirí an CCÁO le breis agus 59,400 glaoiteoir trí fhaisnéis a sholáthar maidir le fostaíocht, comhionannas, nó ceisteanna caidrimh thionsclaíoch. Bhí os cionn 4.3m amharc leathanaigh ar shuíomh gréasáin an CCÁO.

Cigireachtaí:

Críochnaíodh 5,156 cigireacht san iomlán le €2.15m aisghafa i bpá neamhíoctha. Tháinig ardú 27% ar na hionchúisimh rathúla in 2023.

Breithnithe:

Tháinig méadú 6% ar Éisteachtaí Breithnithe an CCÁO i 2024 i gcomparáid le 2023. San iomlán, tairgeadh éisteacht do 9,054 comhad Breithnithe in 2024, 180 ar an meán in aghaidh na seachtaine.

Seirbhís Idir-réitigh:

Bhí baint ag Seirbhís Idir-réitigh an CCÁO le réiteach/cosc ar roinnt díospóidí ardphróifíle. Tá a rátaí ratha fós ard agus leanann siad de bheith os cionn 85%.

Comhaontaíodh Comhaontú nua na Seirbhíse Poiblí 2024-2026 mar chomhaontú comharba ar Móiminteam a Thógáil. Tharla sé seo tar éis dhá mhí de dhian-idirbheartaíocht idir an Rialtas agus Ceardchumainn/Cumainn na hEarnála Poiblí ag an CCÁO.

Idirghabhálacha:

Sheachaid seirbhís idirghabhála réamhbhreithnithe an CCÁO 894 idirghabháil san iomlán in 2024, méadú 14% i gcomparáid le 2023.

Cód Cleachtais:

Foilsíodh an Cód Cleachtais maidir leis an gceart chun Cianobair agus/nó Obair Sholúbtha a Iarraidh ar an 7 Márta 2024.

For-rochtain:

D’fhreastail foireann an CCÁO ar fud an Rannáin go léir ar níos mó ná 60 imeacht for-rochtana a bhain le raon scoileanna agus coláistí, comhlachtaí fiontair, comhlachtaí ionadaíocha gnó agus fostaithe agus comhlachtaí stáit. Is modh an-úsáideach agus tábhachtach iad na himeachtaí seo chun dul i dteagmháil leis an bpobal chun faisnéis a sholáthar ar sheirbhísí CCÁO.

Straitéis Dhigiteach:

Soláthraíonn an fhoirm ghearáin nua ar líne níos mó solúbthachta agus cuireadh ar fáil don phobal í i Meán Fómhair 2024. Tagann an tairseach gearáin seo in ionad na seanteicneolaíochta den fhoirm iarratais roimhe seo a bhí deacair do go leor daoine a úsáid agus nach raibh rochtain ag go leor úsáideoirí seirbhíse uirthi.

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2024 an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ar fáil ag na naisc seo a leanas ar shuíomh gréasáin an CCÁO:

WRC Tuarascail Bhliantuil 2024

a visual graphic of the stats in the text on this webpage directly above the image